Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

ga - Public CCTV

TCI Poiblí: Cód Cleachtais – Comhairliúchán Poiblí

web_banner_cctv

Tacaítear le misean an Gharda Síochána trí thiomantas oibriú le pobail agus trí úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear teicneolaíocht, chun coireacht a chosc agus a bhrath. Ceann de na teicneolaíochtaí sin is ea TCI Poiblí. 

Ó Eanáir 2026 i leith, tá TCI Poiblí in úsáid go forleathan in Éirinn agus tá sé faoi réir creatlacha rialála dochta, nuashonraithe. Tá thart ar 120 scéim TCI Poiblí údaraithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána, a bunaíodh faoin Acht um Gharda Síochána, 2005, agus a dtacaítear leo trí Chód Cleachtais maidir le TCI Poiblí. 

Tá méadú tagtha ar an éileamh ar fud na tíre ó phobail áitiúla agus ó ghrúpaí gnó chun córais TCI Poiblí a bheith i bhfeidhm ina mbailte agus ina gcathracha. Tá rath ar leith bainte amach le húsáid TCI Poiblí chun dul i ngleic le raon cionta, lena n-áirítear cionta a bhaineann le drugaí, cionta feithiclí agus maoine, agus cionta ord poiblí. 

Cé gur féidir le húsáid TCI ag seirbhís phóilíneachta buntáistí suntasacha a thabhairt, d’fhéadfadh tionchar díreach a bheith aige freisin ar chearta daoine aonair. Dá bhrí sin, ní mór a shuiteáil agus a oibriú a phleanáil go cúramach agus a úsáid a bhainistiú go hinniúil.

Achtaíodh an tAcht um Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023 , an 5 Nollaig 2023. Rinne an tAcht seo Alt 38 den Acht 2005 a aisghairm go sonrach agus leagann sé síos an creat dlí reatha maidir le húsáid feistí taifeadta éagsúla, lena n-áirítear TCI Poiblí, chun tacú le sábháilteacht phoiblí.

Mar a bhí faoin Acht 2005, ceanglaíonn an tAcht um Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023 , ar Choimisinéir an Gharda Síochána suiteáil agus oibriú TCI an Gharda a údarú in áiteanna poiblí. Foráiltear i gCuid 8 den Acht seo go bhfuil gá le Cód Cleachtais nua maidir le Teilifís Chiorcaid Dhúnta (TCI) Poiblí.

Mar chuid den phróiseas chun an Cód Cleachtais nua seo a fhorbairt, tá an Garda Síochána i mbun comhairliúcháin phoiblí agus ag lorg aighneachtaí maidir le haon tuairimí nó breathnuithe ar an dréacht-Chód Cleachtais seo.

Próiseas comhairliúcháin maidir leis an gCód Cleachtais um Teilifís Chiorcaid Dhúnta (TCI) in áiteanna poiblí

 

Chomh maith le tuairimí an phobail a iarraidh, tá sé de dhualgas ar Choimisinéir na nGardaí tuairimí a iarraidh ó na daoine seo a leanas freisin:

  • An tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail
  • Oifig an Ombudsman  - Fiosrú
  • An Coimisiún um Chosaint Sonraí
  • Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Sula bhfoilseofar an Cód Cleachtais, rinneadh Measúnú Tionchair ar Chearta an Duine agus déanfar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí freisin sula ndéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce breithniú ar fhoilsiú an Chóid Cleachtais mar Ionstraim Reachtúil.

Roinn Do Thuairimí

Tá fonn ar an nGarda Síochána aiseolas a bhailiú ón bpobal maidir leis an ndréacht-Chód Cleachtais seo. Chun aiseolas a chur ar fáil, léigh an dréacht-Chód Cleachtais nua anseo agus líon isteach an fhoirm aiseolais thíos.

Is féidir leat freisin na ceisteanna coitianta (CC) maidir leis an dréacht-Chód Cleachtais um TCI Poiblí a léamh anseo.

Déanfar aon sonraí pearsanta a sholáthróidh freagróirí mar chuid dá bhfreagraí a phróiseáil faoi Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 9(2)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)  agus Alt 55(1)(b)(i) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, deréir mar is infheidhme. Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta arna soláthar a choinneáil níos faide ná mar atá géarghá léi chun críocha aon anailíse nó athbhreithnithe ar thorthaí an aiseolais.

Ní mór aighneachtaí aiseolais a chur isteach faoin 24 Feabhra 2026.

loading form...